Cuireann an leabhar dar teideal “Language Resistance and Revival” síos go mion ar na forbairtí réabhlóideacha machnaimh agus teanga a tháinig chun cinn i measc na gcimí poblachtánacha i bpríosún na Ceise Fada thuaidh ó 1972 – 2000. Múineadh agus labhraíodh an Ghaeilge mar mhodh cosanta agus féinchaomhnaithe i gcaitheamh na tréimhse dianstreachailte le linn do na cimí a bheith curtha faoi ghlas agus ar deighilt óna bpobail fhéin. Deineann an leabhar an scéal a iniúchadh i slí úrnua agus míníonn conas mar a chuir sé athbheochan chultúir agus teanga ar siúl i measc an phobail náisiúnaigh taobh amuigh d’fhallaí an phríosúin chomh maith.
Scrúdaíonn Feargal Mac Ionnrachtaigh tréimhse láir i Stair na hÉireann i bhfianaise an taighde shochtheangeolaígh is déanaí. Bhain sé tairbhe as agallaimh úrnua, ghéarchúiseacha a chuir gníomhaithe teanga is cultúir go mba iarchimí an chuid ba mhó acu, ar fail dó. Preas Pluto a d’fhoilsigh i mbliana (2013), tá an leabhar so-léite le cló soiléir, tá seacht gcaibidil, 257 leathanach, réamhrá, tátal agus eipealóg/iarfhocal aici. Oscailt súl is ea an leabhar don té nach eol dó an chuid seo dár stair, a thit amach sna sé chontae ó 1972 i leith. Cuireann sí buntábhacht na teanga dúchais go soiléir ós ár gcomhair agus míníonn sí na próisis pholaitiúla agus chultúrtha a bhíonn sa treis, bíodh sé thuaidh nó theas le linn dúinn a bheith ag dul i ngleic leis an maoin ollmhór a baineadh dínn ón mheán-aois i leith ar mhaithe le fórsaí seachtracha díshealbhaithe agus coilínithe a shásamh.
Is iardhalta é Feargal féin de chuid Bhunscoil Phobal Feirste agus Meánscoil Feirste in Iarthar Bhéal Feirste. D’fhreastail sé ar Ollscoil na Banríona, áit ar bhain sé céim na dochtúireachta amach sa bhliain 2009 le tráchtas ar Phríosúnaigh Phoblachtánacha agus athbheochan na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann. Oibríonn sé go lán-aimseartha i ngluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste, mar a bhfuil sé fostaithe mar oifigeach tionscadail le haisínteacht forbartha Gaeilge na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt Feirste, leagan eile de Ghael-Taca Chorcaí. Is cathaoirleach chomh maith é ar eagraíocht Ghaeilge an Uachtair Chluanaigh, Glór na Móna. Tá sé ina bhall ó thosach d’fhoireann caide lán-Ghaeilge na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste, “Laochra Loch Lao” a ghlacann páirt bhliantúil i gComórtas Peile na Gaeltachta.
Pléann an leabhar fíorshuimiúil seo le buntéamaí a bhaineann go dlúth le cúrsaí athbheochan teangan agus chultúir agus le conas is gá an teanga dhúchais chun na próisis díchoilínithe a thionscnamh sa tsochaí ar leibhéil shíochánta éagsúla. Cabhraíonn sí linn a thuiscint conas a théann an coilíneachas i bhfeidhm ar mhionteangacha agus na slite go gcuirtear ar bun gluaiseachtaí athbheochana teangan. Ina theannta san, mínítear dúinn an tábhacht a bhain lena raibh ar siúl sna príosúin agus conas mar a bhí sé seo fite fuaite lena raibh ar siúl sna pobail lasmuigh. Tá an comhthéacs stairiúil agus comhaimseartha i gceist, comhthéacs na hÉireann ar fad agus an comhthéacs idirnáisiúnta. Ní deoranta leis an údar so scríbhinní sochpholaitiúla Nelson Mandela, Antonio Gramsci, Paulo Freire, Frantz Fanon, Noam Chomsky, Albert Memmi, Kwame Nkrumah, Ngugi Wa Thiong ó na Filipínigh agus Thich Nhat Hanh ó Vítneam, agus ní tagraítear dóibh ach amháin nuair atá bunphointe argóna le léiriú nó nuair atá eolas bainteach le hábhar le lua. I measc na n-anailíseoirí Éireannacha a chaitheann solas ar an ndíospóireacht sa leabhar tá Mac Piarais, Ó Conghaile, Ó Snodaigh, Ó Cadhain, Mac Síomóin, Dawson, Ó hAdhmaill, Sands – agus cuireann na tagairtí so ag an údar le héagsúlacht, le fairsinge, le cumas agus le doimhneas an phlé spreagúil. Is údar “engagé” é Feargal agus cuireann sé ar fáil bunfhoinsí nua fianaise sa tóraíocht oibiachtúil atá ar siúl aige ar an bhfírinne chruinn acadúil. Chuir sé agallamh as Gaeilge ar 45 reacaire, 38 iarchime ina measc – gníomhaí teangan le Gaeilge líofa ab ea gach duine acu agus ainmníonn sé iad ar lch 10.
Sa réamhrá tugann an t-údar sliocht as scríbhinn de chuid Nelson Mandela:
“Is é an dúshlán don chime, go hárithe gach cime polaitiúil, teacht slán ón bpríosún … an chéad tasc chun é seo a dhéanamh is ea a fháil amach cad is gá a dhéanamh chun teacht slán. Is ann don phríosún chun do spiorad a bhriseadh agus do dhiongbháilteacht a scrios…”
Ach sa choiréal ina raibh Mandela i dteannta leis na cimí eile ag briseadh cloch, do tharla míorúilt. Iompaíodh an coiréal cloch ina spás foghlama síochánta chun smaointe a mhalartú, chun eolas a chinntiú agus chun cumas chur in aghaidh an chórais a láidriú. Athraíodh píonós so bhriseadh na gcloch ar deireadh ina fhiontar polaitiúil, oideachais, síochánta ar Oileán Robben san Aifric Theas.
Tharla iompó timpeall dá leithéid chéanna i roinnt de na príosúin thuaidh. Príosúnú polaitiúil a bhí i gceist ach diúltaíodh go hiomlán don gcóras. Leathnaigh de réir a chéile an neart cultúir a bhí á ghiniúint laistigh de na fallaí go dtí na pobail náisiúnacha agus Phobachtánacha lasmuigh. Ní hamháin go raibh sa treis go gcuirfí deireadh le réimeas na Sasanach in Éirinn, le deire a chur le cumhachtaí speisialta agus le córas míleata, foiréiginiúil a bheith i bhfeidhm ar na sráideanna; ach go ndéanfaí athbheochan iomlán ar oidhreacht na hÉireann ar gach leibhéal den tsochaí agus le teanga na Gaeilge ina croílár istigh. Ansan ag baint úsáide as staidéar smaointeoirí domhanda agus as ráitis buntaighde de chuid na gcimí féin, cuirtear faoinár mbráid scéal casta athbheochan na Gaeilge ar an dtaobh istigh agus ar an dtaobh amuigh d’fhallaí an phríosúin. Leathnaigh an próiseas ina dhiaidh sin níos faide ó bhaile go dtí Baile Átha Cliath, Corcaigh, An Ghaillimh, An Ghaeltacht. Tá leabhar eile ag teastáil chun tionchar na corraíle thuaidh ar an gcuid eile de Phobal na hÉireann go háirithe thiar, thoir agus theas a mhionscrúdú. D’fhéadfaí cur chuige an leabhair seo a úsáid chun tabhairt faoina leithéid de scrúdú.
Scrúdaíonn sé an tslí a úsáideadh chun diúltú do phríosúnú polaitiúil, na gnéithe polaitiúla den streachailt agus mar a chuaigh seo i gcionn ar na pobail agus ar an tsochaí trí chéile. Thuig na cimí go maith go bhféadfadh na húdaráis maoin agus sealús a ghoid ach nach bhféadfaidís aigne an duine a ghabháil! An rud mór a tugtar faoi ndeara agus tú ag léamh na dtuairiscí pearsanta, íogaire ar uairibh, an mhórthábhacht a bhain leis an nGaeilge féin chun modhanna agus teicnící freasúra a fhorbairt sa phríosún agus chun feasacht pholaitiúil,
aitheantas agus féinmheas cultúrtha a ghiniúint agus a ardú sna pobail as ar fáisceadh na cimí iad fhéin.
Bhí buntáiste mór amháin ag Feargal agus é ag déanamh an bhuntaighde acadúil seo. Is gníomhaí ar an dtaobh istigh é chomh maith le bheith ina fhear léinn. Oibríonn sé féin taobh istigh dá phobal agus de ghluaiseacht na hathbheochana Gaeilge agus tá aithne phearsanta aige ar chuid mhaith díobhsan a gcuireann sé agallamh orthu. Do mhairbh Aondachtóirí Paramíleata a dheartháir Terry sa bhliain 1998, fíric uafásach a luaitear sa leabhar. Is finné iomlán é, “bhí sé ann”, d’fhreastail sé, cuir i gcás, ar Bhunscoil Phobal Feirste, Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus ar an gcéad Mheánscoil lán-Ghaeilge thuaidh, Meánscoil Feirste, a lonnaíodh ar dtúis i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich. Thuig na reacairí – na gníomhaithe polaitiúla teangan, go dtuigfeadh Feargal go mion a scéalta agus bhí ardfhonn orthu iad a roinnt leis. Cabhraíonn an ghné seo agus cinntíonn gur taighde údarásach acadúil agus ‘engagé’ in éineacht, a cuirtear ar fáil dúinn.
Aithníonn an saothar so an íobairt phearsanta agus pian ollmhór an bhraighdeanais ar ghaibh na cimí tríothu. Thit an t-iomlán amach i gcomhthéacs an choilíneachais, na coimhlinte polaitiúla agus sa chomhthéacs go raibh sárú ar bhunchearta daonna ar siúl agus éagóir soiléir ar bun chun go gcruthófaí
“stáitín” nua agus é a choiméad ar siúl ar áis nó ar éigin ar deighilt óna abhantrach nádúrtha mar “Northern Ireland” ie sé chontae de chuid an 32 atá ann leis na cianta cairbreacha.
Is saothar scolártha é seo a bhfuil ionraiceas, tuiscintí úrnua agus machnamh eolgaiseach, leathan, doimhin ag baint leis. Rianaíonn an t-údar scéal athbheochan na Gaeilge ó chillín an phríosúin siar amach go dtí seomra ranga an phobail agus deineann iniúchadh géar ar an ngaolmhaireacht atá sa treis idir aitheantas cultúir, athbheochan teanga agus claochlú polaitiúil. Ar thaobh amháin is gá an Ghaeilge agus a mbaineann léi a bheith i gceartlár an chlaochlaithe, ar an dtaobh eile is céimeanna atá i gceist a thugann an tsochaí i dtreo na cuimsitheachta (‘inclusivity’), i dtreo an iolrachais dhaonlathaigh agus na daonnachta, a chuireann riachtanais agus gátair an duine aonair chun tosaigh. Agus na céimeanna seo curtha i gcrích, is féidir dearmad a dhéanamh ar fhallaí príosúin agus ar theorainneacha nuair atá comhphobail an náisiúin uile ábalta ar iad fhéin a chur in iúl saor ó bhac, nuair atá gníomhaíocht ar bhonn éirimiúil, comhtháite ar siúl chun comhchuspóirí cultúrtha agus maoine ar mhaithe leis an uile dhuine á dtabhairt i gcrích. Is é sin – nach fál go haer in aon chor é saolú na Poblachta insroichte a d’fhógair Réabhlóid na Fraince 1789 leis an mana “Liberté, égalité, fraternité”, agus a chuaigh i bhfeidhm ar Wolfe Tone féin.
Leagtar amach i Réamhrá an leabhair na ceisteanna láir taighde a cuirfear, an bhaint atá ag an údar féin leis an scéal agus an réasúnú polaitiúil láir atá mar chloch bhoinn ag an anailís. Díríonn Caibidil 1 ar bhunchoincheapa teoirice agus ar mhachnamh ar théamaí ar leith mar atá coilíneachas, cultúr, aitheantas, cumhacht agus cumas chur i gcoinne. Baineann Caibidil 2 le stair an choilínithe in Éirinn ó 1169 ar aghaidh go dtí tús na 20ú aoise. Rianaíonn Caibidil 3 cúlú na Gaeilge sna sé chontae agus an tslí inar mhair sí ar éigean go dtí 60í na haoise seo caite. Pléann Caibidil 4 le comhthéacs an bhraighdeanais pholaitiúil in Éirinn le céad bliain anuas agus ról stairiúil na Gaeilge mar mhodh chur in aghaidh agus mar uirlis fhéinchaomhnaithe i measc cimí poblachtánacha. Bunaítear na Caibidlí 5, 6, 7 ar na cuntais sa chéad phearsa a chuireann an 45 reacaire ar fáil agus a bhaineann lena dtaithí phearsanta ar a raibh ag tarlú – cur síos ar thaobh amháin ar an gcur i gcoinne polaitiúil agus ar an bhforbairt oideachasúil a bhí ar bun sa Cheis Fhada, sna Bloic H agus sna Cásanna Géibhinn ó na 70í luatha go dtí na 80í láir; ar an dtaobh eile an athbheochan teanga a bhí á cruthú go nádúrtha ón mbonn aníos sna pobail náisiúnacha taobh amuigh de na fallaí príosúin agus a shroich a buaicphointe i ndiaidh Stailc Ocrais 1981. Tugann an Chonclúid le chéile an réasúnú polaitiúil agus teoiriciúil, comhthéacsanna stairiúla agus na príomhthorthaí taighde a baintear as cuntais na reacairí. Féachann an Chaibidil dheireanach, caibidil an Iarfhocail, ar thodhchaí agus ar fhiúntas na gníomhaíochta díchoilínithe chun dul i ngleic le córas na cumhachta polaitiúla thuaidh, agus san am céanna ar chumas na gníomhaíochta céanna chun athruithe a ghiniúint i ré na géarchéime eacnamaíochta sa Phoblacht.
Is é tuairim an údair gur freagra coinsiasach, sofaisticiúil an taighde úrnua so ar ghairm dhíchoilínithe Mháirtín Uí Chadhain: “Is í athghabháil na Gaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge.” Dar le Ó Cadhain gur cuid lárnach de phróiseas an díchoilínithe an athghabháil chultúrtha a chuirfeadh i gcrích cuspóirí Fhorógra na Cásca 1916 agus a spreagfadh réabhlóid in aigne agus i gcroí an tsaoránaigh sa tslí is go mbeadh roinnt chothrom ar chearta sealúis, ar mhaoin na tíre agus ar chaighdeán na beatha trí chéile.
Is fada atá béim ar an nGaeilge mar ghléas cosanta, mar ghléas oideachais agus féinfhorbartha i measc cimí polaitiúla in Éirinn. Thuig Pádraig Mac Piarais, Micheál Ó Coileáin, Éamon Devalera tábhacht na Gaeilge. Lean an chomhthuiscint ar aghaidh sna fichidí nuair a bhí m’athair pearsanta féinigh ina chime polaitiúil tar éis an Chogaidh Chathardha sna fichidí i bpríosúin na Curraí agus Phort Laoise. Léiríonn fianaise na reacairí a bhain le feachtais phríosúin na ndaichidí/gcaogaidí gur foghlaimíodh an Ghaeilge an uair sin mar fhoinse oideachais, féinaitheantais agus misnigh. I measc na múinteoirí agus na scríbhneoirí Gaeilge ar fad a mhúin í sna príosúin sa ré sin bhí Seán Óg Ó Tuama agus Máirtín Ó Cadhain féin. Cuireann Máirtín síos ar an saghas foghlaimeora a bhíodh aige ina rang sa phríosún: “buachaillí bochta dealbha ó phortaigh tuaithe agus ó thionóntáin chathrach ná raibh riamh ag freastal ar scoil
… agus shloig le fonn na buachaillí seo meadair shiollabacha fhilíocht na Meán-Ghaeilge … agus ba chuma liom féin bheith i gcampa géibhinn arís díreach chun an taithí iontach sin a athnuachan.” Maidir leis na múinteoirí, luann Ó Cadhain: “Ba é a gcuid Éireannachais an spreagadh … daoine nárbh í an mhúinteoireacht a ngairm ach a mheas gur seirbhís d’Éirinn é an Ghaeilge a mhúineadh.” Nuair a dhún Campa na Curraí sa bhliain 1946 mheas Ó Cadhain gur fhág 350 cime an áit ina gcainteoirí líofa Gaeilge. Bhí an cur chuige céanna ann i bPríosún Bhóthar Chromghlinne sna daichidí luatha (c. 1942), cuir i gcás tagairt ag Tarlach Ó hUid: “Bhí ár gcuid fein á dhéanamh againn ar son na hÉireann, nó bhí an Ghaeilge á leathadh agus á neartú go buan i Sciathán D.” (l. 109 sa leabhar) Tugann Larry McGurk agus Billy Kelly fianaise go raibh cur chuige seo na teanga Gaeilge i réim arís i mBóthar Chromghlinne sna 50í déanacha le linn d’fheachtas na teorann a bheith ar siúl. Arsa McGurk: “Bhí ranganna Gaeilge againn achan lá sa halla mór agus gach maidin… Bhí a lán múinteoirí cumasacha ann. Rinneadh liosta d’fhoghlaimeoirí agus cuireadh tús le ranganna taobh amuigh fán spéir … d’úsáid muid an córas ‘siúl thart’ fán chlós ina raibh múinteoirí agus foghlaimeoirí ag siúl thart i mbeirteanna ag cleachtadh cainte le chéile. Bhí leasainm ar na ranganna, na ‘walkie-talkie classes’ agus ag deire na bliana bheadh scrúdú béil curtha ar na ranganna.”
Tá an leanúnachas stairiúil seo i leith mhúineadh na Gaeilge le feiscint arís ag teacht ar barra sna 70í. Ach bhain an scéal, leis, leis na coinníollacha agus na cúinsí fíochmhara a bhí i réim sna príosúin agus go háirithe i gCampa Géibhinn na Ceise Fada. Ach ina ainneoin seo, d’éirigh leis na cimí polaitiúla ranganna a eagrú ar áis nó ar éigin agus d’éirigh cuid de na ‘Cages’/Cásanna Géibhinn go mórmhór, an-Ghaelach ar fad, go háirithe Cás 11 cáiliúil mar a raibh an mana i bhfeidhm “Gaeilge más féidir, Béarla más gá.” Thuig na gníomhaithe poblachtánacha sa phríosún go maith an bhuntábhacht láir a bhain leis an dteanga shinseartha ach nuair a chonaiceadar na hiarrachtaí go léir a dhein na húdaráis sna príosúin ar í a ruagairt, ar í a mhúchadh agus ar í a stathadh ón bpréamh aníos, baineadh preab astu agus thuigeadar níos mó ná riamh go mba arm speisialta agus luachmhar í an Ghaeilge sa choimhlint a bhí ar bun. Dúirt Jim McCann (12.111.2005) in agallamh as Béarla leis an údar “We recognised the lengths the imperialists went to to destroy the language and from this reasoned that it must be important.” (l191) Thuig na gníomhaithe chomh maith go mba streachailt pholaitiúil í seo a raibh comhthreormhaireachtaí agus cosúlachtaí móra idir í agus coimhlintí inspioráidiúla eile a bhí ag tarlú ar fuaid na hAifrice agus Mheiriceá Laidnigh. Bhíodar ar an eolas maidir le cur chuigí éagsúla sa streachailt seo ar fud an domhain mhóir a bhí á n-úsáid ag leithéidí Nelson Mandela, Che Guevara, Steve Biko, Mahatma Gandhi.
Tá an leabhar seo, lomlán d’fhíricí beachta, d’eolas spreagúil agus de léargais shuimiúla i dtaobh bhunú Bhunscoil Phobal Feirste, Mheánscoil Feirste, Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, Chumann Chluain Ard, bunú na Cultúrlainne MacAdam/Ó Fiaich, bunú an nuachtáin Lá sa bhliain 1984, ról Iontaobhas Uladh, uafás an chórais sa Cheis Fhada, módh múinte na Gaeilge sna príosúin, Agóid na Pluide 1976 – 1981, An Stailc Ocrais agus traidisiún na stailce ocrais i Stair na hÉireann. Luaitear Thomas Ashe (1917), Terence McSwiney, Ardmhéara Chorcaí (Deireadh Fómhair 1920), agus a chomhstailceoirí ocrais, Maurice Fitzgerald agus Joe Murphy.
Ar chóir do cheist na Gaeilge a bheith polaitiúil nó neamhpholaitiúil, buncheist a ardaítear sa leabhar spreagúil seo. Pléann an t-údar dhá thaobh na hargóna go hoscailte macánta agus na cúinsí comhthéacsúla ag athrú ó thréimhse go tréimhse tríd an bhfichiú haoise ó aimsir Dhúglas de hÍde anonn go dtí aimsir Mháirtín Uí Chadhain agus ar aghaidh go dtí aimsir Bhobby Sands. Is deacair gan aontú leis an údar go gcaithfeadh an cheist a bheith polaitiúil thuaidh toisc go raibh sárú ó thalamh ar siúl ar bhunchearta daonna agus teangan, go raibh cúinsí ‘in extremis’ i gceist agus gur éiligh comhthéacs an uafáis a bhí i réim ná raibh aon dul as ach ceist pholaitiúil a dhéanamh de cheist na Gaeilge. Cuirtear i gcuimhne dhúinn gur gá cuimhneamh chomh maith gur le gach Éireannach an teanga, go bhfáiltíonn an teanga roimh an uile dhuine agus nár chóir d’aon idé-eolaíocht ábhar foghlaimeora a chur ó dhoras.
Is leabhar don ghnáthléitheoir agus don saineolaí léinn í seo. Is leabhar scolártha oibiachtúil í agus ní forógra ná tráchtas ná bunreacht polaitiúil í. Ach spreagann na fíricí loma, an anailís fhuarchúiseach, caint agus tuairimíocht agus tátail áirithe. Ceann de na tátail a bhuaileann an gnáthléitheoir ná gur léir go bhfuil gá follas le hathnuachan, hathógaint, hathghabháil a dhéanamh ar chultúr agus ar shochaí na hÉireann trí chéile sa 21ú hAois. Chun na críche seo, ní hamháin go bhfuil gá le hidé-eolaíocht an díchoilínithe, le neamhspleáchas machnaimh, le heagrú ón mbonn aníos sna comhphobail áitiúla, ach maítear sa leabhar go bhfuil gá chomh maith le gluaiseacht bhríomhar fhuinniúil Ghaeilge. D’fhéadfadh gluaiseacht mar í feidhmiú ar bhonn teangan agus ar bhonn cultúir d’fhonn na pointí a scagadh, a clár oibre féin a bhunú, chun dúshlán an chaomhachais agus na calcaitheachta sa chóras a thabhairt, chun a stair úrnua féinigh a chruthú. Ba mar seo a bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste nó Ard Bharra i nGleann Maghair nó an iliomad Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na hÉireann thuaidh is theas. Beidh ar ghluaiseacht na Gaeilge a bheith raidiciúil, réabhlóideach agus solúbtha, dúshlán an stáit a thabhairt anois is arís maidir le teidil agus cearta agus gan a bheith ag brath ar an Stát chun teacht slán, dar leis an údar. Ag glacadh leis go bhfuil comhthéacs an (nua)-choilínithe i gceist, tá sé mar aidhm ag an leabhar ina ról “engagé”, dúshlán an leagan amach oifigiúil a thabhairt agus coincheapa agus cosáin nua a nochtadh le hÉireannaigh a thabhairt i dtreo tailte úrnua féaraigh as a bhfásfaidh coimhlintí dearfacha cruthaitheacha a chinnteoidh ár dtodhchaí mar phobal Éireannach oscailte, mar phobal rathúil Gaelach, Gaeilge agus Eorpach a bheidh ar oscailt i dtreo an domhain mhóir. Tá an t-údar ina “ghobadán”, ach in ainneoin bhrí an tseanfhocail, measaim go dtugann sé an dá thráigh leis – tráigh an tráchtais acadúil scolártha agus, i bhfad Éireann níos mó ná sin, tráigh ‘engagé’ na réabhlóide machnaimh agus gníomhaíochta cultúir.
Deinim comhghairdeachas leis an údar Feargal Mac Ionnrachtaigh mar gheall ar an leabhar so gur “tour de force” í. Is gnáthléitheoir mise agus dá bhrí sin bhí orm an leabhar a thógaint go breá réidh agus dua áirithe a chaitheamh léi chun í a léamh i gceart ach geallaimse gur fiú an tairbhe an trioblóid. Níl ach €20 uirthi agus más suim libh stair na hÉireann, más spéis libh An Ghaeilge, más suim libh stair ghluaiseachtaí réabhlóideacha teanga agus cultúir ar fud an domhain mhóir, más suim libh straitéisí fuascailte agus athréimnithe cultúir, níl aon rogha agaibh ach dul agus an leabhar ardfhiúntach léannta so a cheannach agus a léamh go cúramach. Tuigim go bhfuil pé breabús a déanfar as díol an leabhair ag dul chun cabhrú leis an bhfondúireacht don Ghaelscolaíocht Thuaidh, TACA. Fógraím anois an leabhar tábhachtach neamhchoitianta so a bheith seolta agus ar snámh anso ó dheas i gCorcaigh na gCuan, Corcaigh na Gaeilge, cois Laoi na Sreabh!
Gabhaim buíochas libh a dhaoine uaisle as an éisteacht chruinn chúramach a thugabhar dom.