Is iardhalta é Feargal ar Bhunscoil Phobal Feirste agus Meánscoil Feirste in Iarthar Bhéal Feirste. D’fhreastál sé ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, áit ar bhain sé céim na dochtúireachta in 2009 le tráchtas ar Phríosúnaigh Phoblachtánacha agus athbheochán na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann atá sé ag ullmhú le foilsiú mar leabhar i láthair na huaire. Is ball bunaithe é d’fhoireann péile lánghaeilge na ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG agus tá sé gníomhach in Athbheochán na Gaeilge i mBéal Feirste. Is cathaoirleach é ar eagraíocht Ghaeilge an Uachtar Chluanaigh, Glór na Móna agus oibríonn sé go lán-aimseartha mar oifigeach tionscadail le haisínteacht forbartha Gaeilge na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt Feirste.
Feargal is a former pupil of Bunscoil Phobal Feirste and Meanscoil Feirste here in West Belfast. He attended Queens University Belfast and completed his PhD thesis in 2009 on Republican prisoners and the Irish language revival in the North of Ireland which he is currently preparing for publication as a book. He is also a founder-member of Irish-speaking Gaeltacht quarter football club, Laochra Loch Lao CLG and is active in the Irish language revival in the city. He is chairperson of Glór na Móna and works full-time as Project Worker with Gaeltacht Quarter Irish Language development Agency, Forbairt Feirste.